Earraí ar Díol
Tá an siopa suite ar bhunurlár na Leabharlainne. Tá réimse leathan leabhar agus bronntanas ar fáil le ceannach le linn do chuairte, nó de fón (+353 (0)1 4070753), facs (+353 (0)1 4070760), gnáthphost (Siopa Bronntanais Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Áth Cliath 2, Éire) nó tríd an Fhoirm Fiosraithe Theagmhála a chomhlánú. Glacaimid le gach mórchárta creidmheasa, agus díolaimid agus fuasclaimid dearbháin leabhair Euro..
Tá baill LCB i dteideal lascaine de 10%. Chun clárú mar Bhall, cliceáil anseo le do thoil.
Tá an siopa lán bronntanas a luífidh le gach dúil agus gach póca agus foinsítear míreanna ó gach áit ar fud an domhain chun cnuasach sár-iontach Chester Beatty a léiriú.
Anseo thíos tá liosta de chuid de na míreanna atá ar díol sa siopa:
• Míreanna Chester Beatty saincheaptha éagsúla, lena n-áirítear cártaí poist agus póstaeir, irisí agus míreanna mearaí, oiriúintí (scaifeanna, málaí, sparáin) agus stáiseanóireacht – iad uile faoi inspioráid chnuasach saibhir na Leabharlainne.
• Leabhair ar ealaín, taisteal, déanamh leabhar agus callagrafaíocht, cócaireacht idirnáisiúnta, fealsúnacht agus reiligiúin an domhain, an India, an tSín agus an tSeapáin.
• Foilseacháin Leabharlann Chester Beatty, lena n-áirítear treoirleabhar ginearálta don Leabharlann agus dá cnuasaigh; catalóig ó thaispeántais reatha agus roimhe seo; roinnt leabhar arna scríobh ag coimeádaithe na Leabharlainne, ag tarraingt ar na cnuasaigh éagsúla – réimse ábhar ón Ioslam agus Scrollaí Chogonka Seapánacha go Leonardo agus Dürer.
• Túis Shíneach agus Indiach; dealbha lámhshnoite Iodálacha; agus stáiseanóireacht ardcháilíochta ó pháipéar-cheannaithe Flórantacha Il Papiro.
• Réimse leabhar agus bronntanas do pháistí.
• DDí le ceol ó gach áit ar fud an domhain.
• Seodra de dhéantús na hÉireann, chomh maith le léarcáileanna, leabhair staire agus treoirleabhair faoi Éirinn.
• Raidhse de bhronntanais eile ón Áise agus ón Chianoirthear: babhlaí canta agus durgas ón Tibéid; eilifintí snoite agus maisiúcháin chrochta ón India; agus cimeonónna agus bábóga péinteáilte ón tSeapáin.