Skip Navigation

Stair an Leabhair

Is achar staidéir é Stair an Leabhair a bhaineann ní amháin le leabhair iontu féin ach le gach gné atá i gceist chun iad a tháirgeadh chomh maith – ón chruthú, dearadh agus scaipeadh síos tríd go dtí go bhfuil siad á bhfáil agus á gcaomhnú ag léitheoirí agus ag an tsochaí.

Clúdaíonn sé raon an-leathan den imscrúdú intleachtúil a thrasnaíonn agus a idirnascann le mórán disciplíní.

Baineann bunús na leabhar a bhailigh Alfred Chester Beatty le catagóir leabharlann bailitheora nó leabharbháigh.

Is leabhair iad seo den chuid is mó ar samplaí eisceachtúla dá gcineál iad nó a tháinig ó leabharlanna a bhí tábhachtach tráth.

Go ginearálta, ní táirgí tipiciúla dá dtréimhse iad na leabhair a cheannaigh Beatty, toisc go léiríonn cuid mhaith acu toighis agus faisin úinéirí saibhre.

Léiríonn an cnuasach toighis phearsanta Alfred Chester Beatty i gcónaí toisc gur scrúdaíodh gach leabhar go cúramach in aghaidh critéar a roghnaigh sé.

'Cáilíocht, cáilíocht, cáilíocht’ a thagarmharc, leis an choinníoll bheise go gcaithfeadh luach ar airgead a bheith leis an cheannachán.

Cuirfear na topaicí seo a leanas leis seo sna míonna amach romhainn:

  • Páipéar maisithe agus déanamh páipéir
  • Saothair reiligiúnacha
  • Litríocht
  • Ealaín
  • Tíreolaíocht