Chester Beatty Library – Collections – The Western Collection – Papyri | The Western Papyri Collection, Chester Beatty Library Papyri Collection
Skip Navigation

Paipírí

Baineann cnuasach Leabharlann Chester Beatty le réimse dátaí ó 1800 R.C. go dtí 800 I.C, agus cuimsíonn sé lámhscríbhinní paipíreacha, rollaí, coidéacsanna agus cáipéisí indibhidiúla agus ostraca, ón Éigipt Fharóach, Ghréag-Rómhánach agus Choptach.

Tá roinnt paipírí Arabacha sa Chnuasach ach níl aon samplaí Laidineacha ann.

Agus iad leagtha amach de réir teanga agus scripte, tá stair foilseacháin chuimsitheach ag an Chnuasach Paipírí.  Tá a lán saothar ríthábhachtach ann, ar ceachtar acu cáipéisí uathúla nó na cóipeanna is luaithe atá ar eolas de théacsanna iad.

Tá coidéacs Chester Beatty de na Soiscéil agus Gníomhartha na nAspal (I.C. 250) maraon le coidéacs Litreacha Naomh Pól (c.I.C. 200) agus go leor paipírí bíoblata eile ar na cóipeanna is sine atá ar eolas de na saothair Chríostaí seo.  I bPaipír Chester Beatty I, paipír Chliarúil den Fichiú Ríshliocht, tá an corpas iomlán marthanach nach mór d’Amhráin Ghrá na sean-Éigipte.

Chomh maith leis sin tá a lán cáipéisí ann ina bhfuil cruthanna litreach nó poncaíocht an-luath ó scipteanna éagsúla.

Níl an Cnuasach  ar fáil ar líne go fóill.