Folúntais
Is iontaobhas carthanais é Leabharlann Chester Beatty. Tá sí ainmnithe mar Institiúid Chultúrtha Náisiúnta agus bunaíodh tríd uacht Sir Alfred Chester Beatty í. Is iad Iontaobhaithe na Leabharlainne a dhéanann fostaithe a fhostú.
De ghnách, líontar folúntais a bhaineann le poist bhuana nó shealadacha de réir aon cheann de na nithe seo a leanas nó iad uile:
- Fógraí ar na nuachtáin náisiúnta
- Postáil ar an suíomh gréasáin seo
- Postáil ar www.publicjobs.ie
Is féidir go mbeidh an próiseas earcaíochta comhdhéanta d’aon cheann de na comhpháirteanna seo nó iad uile:
- Iarratas tríd fhoirm iarratais nó litir chlúdaithe agus CV
- Tástáil shíciméadrach
- Agallamh
- Imréiteach slándála an Gharda Síochána
- Seiceáil leighis
Faigheann an Leabharlann líon ard fiosruithe maidir le cúrsaí fostaíochta – ainneoin go dtugann muid freagra ar gach fiosrú agus go gcoinníonn muid gach CV ar comhad ar feadh tréimhse, ní féidir linn, nuair a bhíonn folúntais ann, dul i dteagmháil le gach duine a chuir in iúl dúinn gur mhaith leo bheith ag obair linn.
Foirm Fiosraithe Theagmhála.
Is fostóir comhdheiseanna é an Leabharlann.
Más mian leat fiosrú faoi obair shaorálach, tabhair cuairt, le do thoil, ar ár leathanach saorálaíochta.