Grúpaí
Leabharlann
Ainneoin go bhfáiltimid roimh ghrúpaí móra chuig ár dtaispeántais, bheimis fíorbhuíoch ach scéala a fháil uait roimh ré. Le linn mhíonna gnóthacha an tsamhraidh, féadann na gailearaithe a bheith sách plódaithe agus bheadh sé ina chuidiú againn ach scéala a fháil uait roimh ré chun do chuairt a dhéanamh pléisiúrtha do na cuairteoirí uile. NÍ MÓR cinnirí grúpa a bheith le gach grúpa mór an t-am go léir. Féadann tú ríomhphost a chur chugainn ar educationservices@cbl.ie chun sinn a chur ar an eolas faoin chuairt atá beartaithe agat nó teagmháil a dhéanamh linn de fón ag 01 4070772 nó 01 4070750 agus roghnaigh an rogha le haghaidh ‘Oideachas’.
Go raibh maith agat as do chomhoibriú.
Má theastaíonn turas treoraithe uait, cliceáil anseo, le do thoil.
Tá turais phoiblí ar fáil Dé Céadaoin ar 1 i.n. agus Dé Domhnaigh ar 3 i.n + 4 i.n.. Tá siad seo go sonrach don phobal i gcoitinne. Moltar turas príobháideach a chur in áirithe do ghrúpaí de níos mó ná cúigear duine.
- Ní mór turais threoraithe a chur in áirithe i scríbhinn; ní ghlactar le háirithintí de fón.
- Éilíonn Leabharlann Chester Beatty fógra trí seachtaine roimh ré chun treoraithe a chur in áirithe, toisc go n-oibríonn siad ar bhonn deonach.
- Tá turais threoraithe teoranta do chúig dhuine dhéag ar a mhéad an turas m.sh. is féidir dhá ghrúpa a dhéanamh de ghrúpaí scoile de thríocha duine.
- Ní mór grúpaí a bheith faoi mhaoirseacht i Leabharlann Chester Beatty agus i dtailte Chaisleán Bhaile Átha Cliath an t-am go léir. Tá sé seo amhlaidh chun cloí lenár bpolasaí um Chosaint Leanaí.
- Nóta speisialta do scoileanna: ní chuireann an Leabharlann spás ar fáil le haghaidh lón a ithe. Tá caifélann san iarsmalann don phobal i gcoitinne.
- Ar do theacht chuig an Leabharlann, fógair do ghrúpa ag an deasc fáiltithe, le do thoil. Buailfidh do threoraí leat ansin chun tús a chur le do thuras.
Táillí
- Tá turais do ghrúpaí bunscoile agus iar-bhunscoile saor ó tháillí.
- Gearrtar €3.00 an duine ar ghrúpaí de dhaoine fásta.
- Gearrtar €2.00 an duine ar phinsinéirí, grúpaí oideachais aosaigh agus tríú leibhéal.
- Gearrtar €5.00 an duine le haghaidh imeachtaí tráthnóna/príobháideacha.
Is féidir íoc as turais tríd an siopa bronntanais againn.
Cuir in iúl do Sheirbhísí Oideachais roimh theacht duit, le do thoil, má theastaíonn sonrasc uait.
Déan teagmháil le Jenny Siung (jsiung@cbl.ie, 01 4070775) nó Justyna Chmielewska ag (jchmielewska@cbl.ie, 01 4070772).
Cealuithe
Chun áirithint a chur ar ceal, déan teagmháil, le do thoil, leis an Leabharlann de fón.
Gearrfar táille de €30.00 i gcás cealuithe nach dtugtar fógra ceithre huaire fichead roimh ré fúthu.
Le haghaidh tuilleadh sonraí, déan teagmháil, le do thoil, le:
Seirbhísí Oideachais,
Leabharlann Chester Beatty,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: 01 4070775
Facs: 01 4070760
E-mail: educationservices@cbl.ie