Chester Beatty Library – Collections – The Western Collection – Papyri - History | The Western Papyri Collection History, Chester Beatty Library Papyri Collection History, History of the Papyri Collection
Skip Navigation

Stair

Ba sna 1920í den chuid is mó a bunaíodh an Cnuasach Paipírí.  Faoi threoir coimeádaithe sinsearacha ón Roinn Ársaíochtaí Éigipteacha agus an Roinn Lámhscríbhinní ó Mhúsaem na Breataine, cabhraigh lucht acadúil gaolmhar ó Oxford agus Cambridge chun an cnuasach cuimsitheach a dhéanamh agus a fhorbairt.

D’fhostaigh Beatty na daoine seo a leanas mar chomhairleoirí:  Harold Idris Bell, Frederick Kenyon, Alan Gardiner agus Edward Edwards, chomh maith le Herbert Thompson, Charles Alberry agus W. E. Crum.

Ceannaíodh na príomhphaipírí trí dhéileálaithe nó trí shindeacáit iarsmalainne, lena n-áiríodh a lán iarsmalann agus ollscoileanna Meiriceánacha.   Nuair a thosaigh Beatty ar lámhscríbhinní paipírí a cheannach tháinig athrú ar fhócas an chnuasaigh aige ó lámhscríbhinní maisithe go téacsanna annamha, agus i roinnt mhaith nuachtán comhaimseartha tugadh ‘Éigipteolaí Briotanach’ air.

De réir a chéile d’fhorbair cnuasach paipírí Beatty go dtí go raibh sé ar cheann de na cnuasaigh phríobháideacha ba thábhachtaí sa domhan agus ní raibh ach dornán beag cnuasach príobháideach, agus gan ach na hinstitiúidí ba mhó inchomórtais leis.  Bhí sé anois i mbun iomaíochta le cuid de mhóriarsmalanna impiriúla na hEorpa, agus i roinnt cásanna cheannaigh sé míreanna ar láthair ina raibh géariomaíocht idir na cnuasaigh náisiúnta Bhriotanacha agus Ghearmánacha.

Agus an cnuasach á chur le chéile aige, ba mhinic a chuir Beatty ábhar de lámh.  Ba do Mhúsaem na Breataine a rinne sé an tabhartas ba mhó riamh aige: Paipír Chester Beatty II-XIX (Londain, BM 10682-10699).   Thug Beatty cnuasaigh is lú de phaipírí doiciméadacha mar bhronntanais dá chara agus comhbhailitheoir Wilfred Merton.  I 1958 tiomnaíodh Cnuasach Paipírí Merton do Chester Beatty agus tá sé anois mar chuid den Leabharlann.

Murab ionann agus bunús an ábhair eile a cheannaigh Beatty, tá dianchaomhnú ag teastáil ón Chnuasach Paiprírí, próiseas leanúnach.  San am atá caite, ba é Músaem na Breataine nó caomhnóirí Gearmánacha i mBeirlín de ghnách a dhéanadh an obair seo.

Rinne na fórsaí Rúiseacha cuid mhaith de Chnuasch Paipírí Coptacha Beatty a choigistiú ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda gur aistrigh go dtí an tAontas Sóivéideach é.  Tugadh an cnuasach ar ais go hOirthear Bheirlín sna 1960í agus, faoi dheireadh thiar, go hÉirinn in 2001.