Gréagach
Tá na paipírí neamhbhíobalta Gréagacha i Leabharlann Chester Beatty comhdhéanta de ghrúpaí ar leithligh.
Ba mar choidéacs bán nach mór a cheannaigh Chester Beatty an chéad cheann, ina bhfuil cáipéisí riaracháin Rómhánacha ó Phanopoilis (c. I.C. 298-300). Ach, tar éis é a chaomhnú, fuarthas amach go raibh clár ann de chomhfhreagras a bhain le cuairt Dhióicléitiánais Impire ar Phanopoilis. Mar gheall ar an taifead uathúil seo tá faisnéis fhairsing ag lucht staire ar chleachtas riaracháin na Rómhánach.
Tá cáipéisí eile ó Phanopoilis nach bhfuil chomh suntasach céanna sa Leabharlann a bhaineann le gnóthaí príobháideacha gnó idir indibhidí.
Is é an dara grúpa ar leithigh Cnuasach Paipírí Merton, cnuasach de cháipéisí dátaithe a thiomnaigh a sheanchara agus páirtnéir gnó, Wilfred Merton, do Chester Beatty in 1958. Clúdaíonn na cáipéisí seo mionchúrsaí an ghnáthshaoil: litreacha chuig cairde, conarthaí gnó, pósta agus sclábhaíocht leanaí agus roinnt litríochta.
Le haghaidh sampla de na cáipéisí seo féach: Cnuasach Paipírí Merton.
Lena chois sin, tá roinnt rollaí Gréagacha neamhchatalógaithe sa Chnuasach Paipírí, atá á gcur in eagar.