Chester Beatty Library – Collections – The Western Collection – Manuscripts - Syriac | The Western Manuscripts Syriac Collection, Chester Beatty Library Syriac Collection
Skip Navigation

Siriach

Ba limistéir Chríostaí den chuid is mó iad tráth oirdheisceart na Tuirce, an tSiria agus codanna den Iaráic an lae inniu.  An tSiric an teanga a labhraíodh go dtí gur tháinig an Araibis ina háit san tríú haois déag.  Bunaíodh lárionaid thábhachtacha chun leabhair a tháirgeadh sna ceantair seo agus bhí lámhscríbhinní maisithe áille i gcúrsaíocht i measc na n-eaglaisí éagsúla.  Chuaigh gnéithe den dearadh leabhair Siriac i gcion ar leabhair mhaisithe Chríostaí  mheánaoiseacha eile.

Ní raibh Chester Beatty in ann ach líon beag leabhar Siriac a cheannach chun chur ní amháin lena chnuasaigh bhíobalta ach lena chnuasach de lámhscríbhinní maisithe chomh maith. Is é Ephraem’s Commentary on the Diatessaron of Tatian (Ms Syr 709) c. IC. 490-510 an téacs is tábhachtaí.  Ainneoin go bhfuil codanna den Diatessaron, armóin de na ceithre soiscéal, caomhnaithe in aistriúcháin dhéanacha, is í lámhscríbhinn Chester Beatty an chóip is luaithe atá ar eolas den téacs seo agus an t-aon cheann amháin sa teanga inar scríobhadh í. Is cáipéis uathúil i stair na Críostaíochta í ar bhronn an Pápa Pius XII beannacht Pápach speisialta ar Chester Beatty dá barr i 1959. Tá Iontaobhaithe na Leabharlainne tar éis dá cheannachán bhreise a dhéanamh de dhuilleoga a bhaineann leis an choidéacs seo.

I 1929 cheannaigh Beatty leabhar soiscéil sármhaisithe i Siric sa leagan Haircleánach chomh maith, ag dátú ón 12ú haois (Syr. Ms 703) agus a lán soiscéalairí nó leabhair seirbhíse, leabhair chóir agus cóipeanna den Tiomna Nua. 

Foilseacháin

Buchthal, Hugo and Kurz, Otto (1942) A Hand List of Illuminated Oriental Christian Manuscripts. Londain: Institiúid Warburg.

Cathcart, Kevin (eag.) (1994) The Edward Hincks Bicentenary Lectures. Baile Átha Cliath: Coláiste Ollscoile.
-- (1989) 'The Biblical and Other Early Christian Manuscripts of the Chester Beatty Library', in K. J. Cathcart and J. F. Healey (eag) Back to the Sources: Biblical and Near Eastern Studies in honour of Dermot Ryan. Baile Átha Cliath: Preas Glendale.

Hatch, William T. (1937) 'The Subscription in the Chester Beatty Manuscript of the Harclean Gospels', Harvard Theological Review 30: 141-55.

Leloir, Louis (1990) Saint Éphrem. Commentaire de l'évangile concordant. Text syriaque (MS Chester Beatty 709). Chester Beatty Monographs 8. Arna bhfoilsiú den chéad uair 1963. Leuven: Peeters.

McCarthy, Carmel (1993) 'Saint Ephrem's Commentary on Tatian's Diatessaron: An English translation of Chester Beatty Syriac MS 709 with introduction and Notes', Iris An Staidéir Sheimítigh, Forlíonadh 2.

Petersen, William (1994) Tatian's Diatessaron: Its Creation, Dissemination, Significance and History in Scholarship. Leiden: E. J. Brill.

Thomas, John D. (1979) 'A List of Manuscripts containing the Harclean Syriac Version of the New Testament', Theological Review, 2 (2).