Siriach
Ba limistéir Chríostaí den chuid is mó iad tráth oirdheisceart na Tuirce, an tSiria agus codanna den Iaráic an lae inniu. An tSiric an teanga a labhraíodh go dtí gur tháinig an Araibis ina háit san tríú haois déag. Bunaíodh lárionaid thábhachtacha chun leabhair a tháirgeadh sna ceantair seo agus bhí lámhscríbhinní maisithe áille i gcúrsaíocht i measc na n-eaglaisí éagsúla. Chuaigh gnéithe den dearadh leabhair Siriac i gcion ar leabhair mhaisithe Chríostaí mheánaoiseacha eile.
Ní raibh Chester Beatty in ann ach líon beag leabhar Siriac a cheannach chun chur ní amháin lena chnuasaigh bhíobalta ach lena chnuasach de lámhscríbhinní maisithe chomh maith. Is é Ephraem’s Commentary on the Diatessaron of Tatian (Ms Syr 709) c. IC. 490-510 an téacs is tábhachtaí. Ainneoin go bhfuil codanna den Diatessaron, armóin de na ceithre soiscéal, caomhnaithe in aistriúcháin dhéanacha, is í lámhscríbhinn Chester Beatty an chóip is luaithe atá ar eolas den téacs seo agus an t-aon cheann amháin sa teanga inar scríobhadh í. Is cáipéis uathúil i stair na Críostaíochta í ar bhronn an Pápa Pius XII beannacht Pápach speisialta ar Chester Beatty dá barr i 1959. Tá Iontaobhaithe na Leabharlainne tar éis dá cheannachán bhreise a dhéanamh de dhuilleoga a bhaineann leis an choidéacs seo.
I 1929 cheannaigh Beatty leabhar soiscéil sármhaisithe i Siric sa leagan Haircleánach chomh maith, ag dátú ón 12ú haois (Syr. Ms 703) agus a lán soiscéalairí nó leabhair seirbhíse, leabhair chóir agus cóipeanna den Tiomna Nua.
Foilseacháin
Buchthal, Hugo and Kurz, Otto (1942) A Hand List of Illuminated Oriental Christian Manuscripts. Londain: Institiúid Warburg.
Cathcart, Kevin (eag.) (1994) The Edward Hincks Bicentenary Lectures. Baile Átha Cliath: Coláiste Ollscoile.
-- (1989) 'The Biblical and Other Early Christian Manuscripts of the Chester Beatty Library', in K. J. Cathcart and J. F. Healey (eag) Back to the Sources: Biblical and Near Eastern Studies in honour of Dermot Ryan. Baile Átha Cliath: Preas Glendale.
Hatch, William T. (1937) 'The Subscription in the Chester Beatty Manuscript of the Harclean Gospels', Harvard Theological Review 30: 141-55.
Leloir, Louis (1990) Saint Éphrem. Commentaire de l'évangile concordant. Text syriaque (MS Chester Beatty 709). Chester Beatty Monographs 8. Arna bhfoilsiú den chéad uair 1963. Leuven: Peeters.
McCarthy, Carmel (1993) 'Saint Ephrem's Commentary on Tatian's Diatessaron: An English translation of Chester Beatty Syriac MS 709 with introduction and Notes', Iris An Staidéir Sheimítigh, Forlíonadh 2.
Petersen, William (1994) Tatian's Diatessaron: Its Creation, Dissemination, Significance and History in Scholarship. Leiden: E. J. Brill.
Thomas, John D. (1979) 'A List of Manuscripts containing the Harclean Syriac Version of the New Testament', Theological Review, 2 (2).