Chester Beatty Library – Collections – The Western Collection – Manuscripts - Coptic | The Western Manuscripts Coptic Collection, Chester Beatty Library Coptic Collection
Skip Navigation

Coptach

Go téacsúil tá an cnuasach de lámhscríbhinní Coptacha (ar phár) idirnasctha leis an chnuasach de phaipírí Coptacha, toisc go raibh téacsanna comhchosúla i gcúrsaíocht agus iad scríofa ar an dá mheán;  rogha an ábhair ag brath ar acmhainní an phobail.  Scríobhadh na leabhair sa teanga Choptach ag a bhfuil ceithre phríomhchanúint, Bohairic, Fayumic, Sahidic, agus Akhmimic, a bhfuil a mbunús léirithe ar bhealaí éagsúla i lámhscríbhinní Chester Beatty, mar phríomhthéacs nó mar ghluaiseanna is déanaí.

Cheannaigh Chester Beatty na lámhscríbhinní is tábhachtaí ó dhíoltóirí i gCaireo sna 1920í.   Chuimsigh ceannachán amháin trí cinn as cúig leabhar ó Mhainistir Apa Jeremias ag Saqqara (is le hOllscoil Michigan an dá cheann eile). Scríobhadh na lámhscríbhinní seo (Cpt 813, 814, 815) sa chanúint Shaihideach dar dáta ó c. IC 600.  Fuarthas iad le roinnt bonn (píosaí 12-nummia Alastránacha) agus blúiríní cnáimhe ar de na ceangail iad. Tá ceangail na lámhscríbhinní seo ar na samplaí is luaithe de struchtúir cheangail Iartharacha le huirlisiú leathair maisithe agus líníochtaí ornáideacha ar chiumhaiseanna an pháir.  

Foilseacháin

Thompson, Herbert (1932) The Coptic Version of the Acts of the Apostles and The Pauline Epistles in the Sahidic Dialect, Londain:
Quecke, Hans (1984) Das Johannesevangelium Saidisch, Papyrologica castroctaviana, Iml. 11.