Skip Navigation

Lámhscríbhinní

Bhain Chester Beatty clú amach mar bhailitheoir leabhar mar gheall ar a lámhscríbhinní maisithe Iartharacha.  Thosaigh an cnuasach amach ar bhonn measartha sular aistrigh sé go Londain in 1911, ach mar gheall ar chomhairle shaineolaithe, faoi dheireadh na 1920í, d’fhás sé suas le bheith ar cheann de na cnuasaigh ba thábhachtaí i Sasain.

Is féidir rogha Beatty i leith lámhscríbhinní maisithe a rianú ó fhoinsí cartlainne, ina luaitear Leabhair Uaireanta Fhrancacha, a raibh cúig cinn acu ina sheilbh aige faoi 1910.

Tar éis dó aistriú go Londain, thosaigh Beatty ar lámhscríbhinní i bhfad níos luaithe a cheannach ón tréimhse Chairilínseach agus ón treimhse Otóinseach, lena n-áiríodh lámhscríbhinní nach raibh maisithe ach a bhí thar a bheith tábhachtach ó thaobh na paileagrafaíochta de.

Faoi dheireadh na 1920í, bhí cnuasach de bhreis mhaith agus 200 lámhscríbhinn Iartharach aige a d’fhág, i dteannta na gcuasach eile aige, go raibh sé ar an bhailitheoir leabhair ba thábhachtaí i Sasain i lár an fíchiú haois.

Le cois na lámhscríbhinní Iartharacha tá lámhscríbhinní maisithe ann ón Neasoirthear Críostaí chomh maith le roinnt téacsanna bíobalta Eabhracha agus Samáracha.  Rinne Beatty cnuasaigh de lámhscríbhinní Airméanacha, Biosántacha, Coptacha, Aetópacha, Slavónacha agus Siriceacha.

Tá éagsúlacht sna cnuasaigh seo ó thaobh doimhneachta de ag brath ar thiomantas Beatty i leith achar eile dá Leabharlann tráth a bhfála.