Skip Navigation

Ag Déanamh Leabhar

Go traidisiúnta tá an próiseas teicniúil a bhaineann le leabhair a cheangal roinnte ina dhá chuid, ‘Forwarding’ agus ‘Bailchríoch’.  Baineann Forwarding go príomha le filleadh agus bailiú na leathanach ina n-aonaid nó ina gceathrúna agus clúdach cosantach a fhuáil agus a cheangal.      Is gnách gur ceanglóir is oilte a chuireann Bailchríoch, an dara céim, i gcrích.  Is eisean a chuireann an litreoireacht, an t-órú nó maisiúchán eile leis le huirlisí agus stampaí téite.

Bhí roinnt na hoibre bunaithe ar an dá phróiseas seo i mórán ceanglann mar arbh iad na mná den chuid is mó a bhí gafa le Forwarding agus na fir le Bailchríoch.  Ar nós go leor ceardtionscal, bhí iontráil rialaithe ag printíseachtaí agus ag an am a caitheadh mar shaor ar a phá sula bhféadfaí lánbhallraíocht Ghild a bhaint amach.

I mBaile Átha Cliath an t-ochtú haois déag agus an naoú haois déag bhí mórán ceanglann lonnaithe sna sráideanna agus sna pasáistí amach ó Shráid an Dáma toisc go raibh an tsráid seo mar nasc idir na príomhphátrúin leabhar, an eaglais, an stát agus an ollscoil.