Beatty Library – Collections – The Western Collection | The Western Collection, Chester Beatty Library Western Collection
Skip Navigation

An Cnuasach Iartharach

I gCnuasaigh Iartharacha Leabharlann Chester Beatty cuimsítear an raon ó thaibléid dhingchruthacha de c. 2500 R.C. go dtí leabhair ealaíontóirí mínealaíne ón fichiú haois.

Tugann an dóigh ar foirmíodh an cnuasach léargas ar an chur chuige bailithe a bhí ag príomhbhailitheoirí leabhar Mheiriceá ag tús an fichiú haois nár cheannaigh, chomh fada agus ab fhéidir, ach na míreanna ab airde cáilíocht.

Tá clú ar an Leabharlann as a lámhscríbhinní annamha agus maisithe, ach bhailigh Chester Beatty breis agus 3,000 leabhar priontáilte annamh chomh maith agus beagnach 35,000 prionta agus líníocht Old Master.

Is eagráin uathúla, profaí nó seachléirithe (extra-illustrated) ealaíontóirí cuid mhaith de na leabhair seo – ní raibh Beatty sásta fanacht i mbun chéad eagráin amháin a cheannach.

Tá breis agus 1,000 sampla tábhachtach den cheangal leabhair Eorpach sa chuasach a léiríonn, i dteannta na gcnuasach paipírí luath, an fhobairt a tháinig ar an leabhar Iartharach ó thionscnamh an chóidéacs go dtí cuid de na leabhair is áille sa fichiú haois.

Foilseacháin

Horton, Charles (2000) ' "It Was All a Great Adventure": Alfred Chester Beatty and the Formation of his Library', History Ireland, 8 (2): 37-42.
-- (2003a) Alfred Chester Beatty: From Miner to Bibliophile, Dublin: Townhouse.
-- (2003b) 'The Western Collections', in Michael Ryan et al. Treoir Scala Leabharlann Chester Beatty, Londain: Scala.