Cnuasach Indiach ré na Mógal
Maidir le Cnuasach Indiach ré na Mógal sa Leabharlann tá idir lámhscríbhinní léirithe agus réimse fíorálainn de 1,000 pictiúr indibhidiúil nach mór, a táirgeadh san India le linn chumhacht na Mógal i gcomhair pátrún Ioslamach, Hiondúch agus Eorpach.
Tá clú ar leith ag baint leis an chnuasach agus cuimsíonn cuid de na samplaí is fearr den phéintéireacht a táirgeadh faoi threoir na n-impirí Akbar, Jahangir agus Shah Jahan. Chun tosaigh ina measc seo tá na fóiliónna léirithe ón Akbarnama, nó Stair Akbar, agus an iliomad portráidí de na himpirí iad féin.