Skip Navigation

An Cnuasach Arabach


Maidir le bunús na lámhscríbhinní sna Cnuasaigh Chóránacha, Pheirsiacha, Indiacha agus Thurcacha tá callagrafaíocht álainn iontu agus iad léirithe agus maisithe go paiteanta.  I gcontrárthacht leis na lámhscríbhinní seo, áfach, níl maisiúcháin déanta ach ar líon an-beag den 2,650 lámhscríbhinn, a bheag nó a mhór, den Chnuasach Arabach.

Ba mar gheall ar a dtéacsanna a bhailigh Chester Beatty iad seo, agus tá cuid mhaith acu uathúil agus faoi chaomhnú i Leabharlann Chester Beatty amháin.

Cuimsíonn siad réimse ollmhór ábhar: reiligiún, dlí-eolaíocht, stair, tíreolaíocht, leigheas, réalteolaíocht, matamaitic agus teangeolaíocht agus gan ach cuid acu a lua, chomh maith le haistriúchán luath go hAraibis de shaothair na luath-Ghréagach.