Chester Beatty Library – Collections – The Islamic Collection | The Islamic Collection, Chester Beatty Library Islamic Collection
Skip Navigation

An Cnuasach Ioslamach

Tá na Cnuasaigh Ioslamacha ar na cinn is fearr ar domhan agus tá clú idirnáisiúnta orthu as ardcháilíocht agus scóp foriomlán an ábhair.

Baineann na lámhscríbhinní atá sna cnuasaigh leis an tréimhse ón ochtú haois go dtí luathbhlianta an fichiú haois.

Gabhann siad go príomha – ach ní go heisceachtúil – ón domhan Arabach, an Iaráin, an Tuirc, an India, agus cuimsíonn siad cuid de na mórcháipéisí a bhaineann le healaín agus le cultúr na nIoslamach.

Ina theannta sin, léiríonn siad ar bhealach gleoite mionsonrach an stair agus an fhorbairt a bhaineann le gach gné den leabhar Ioslamach: callagrafaíocht, maisiú, mionphéinteáil agus ceangal leabhair.

Tá na Cnuasaigh Ioslamacha comhdhéanta de chúig fhochnuasach.

Le déanaí d’fhoilsigh an Leabharlann leabhar nua Ioslam: Creideamh, Ealaín, Cultúr ar na lámhscríbhinní atá sa Leabharlann.  Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo le do thoil.