Chester Beatty Library – Collections – The East Asian Collection - Japan | The East Asian Collection Japan, Chester Beatty Library East Asian Collection Japan
Skip Navigation

An tSeapáin

Ó ealaíona ornáideacha na Seapáine, a dhátaíonn den chuid is mó ón ré Edo (thart ar 1600-1868), tá tsuba (coimeádaithe claímh), netsuke (scoráin) agus inrō (bocsaí), chomh maith le scrínte iniompartha agus bocsaí agus gabhdáin laicir eile agus breis agus 120 scrolla agus lámhscríbhinn péinteáilte, lena n-áirítear go leor e-hon agus sútraí Nara.

I measc na bpriontaí blocadhmaid Seapánacha tá thart ar 450 prionta ukiyo-e, chomh maith le 350 prionta surimono a táirgeadh go príobháideach agus a ceannaíodh i 1954 ó chnuasach an Dr M. Cooper agus ar chuir Jack Hillier leo idir sin agus thart ar 1964.