An tSín
Dátaíonn na healaíona ornáideacha ó ríshliocht Qing (1644-1911) agus áirítear ina measc 950 buidéal snaoisín de gach cineál nach mór, grúpa annamh de sheacht déag leabhar séada, a ndearnadh a mbunús d’Impire Qing Qianlong (r.1736-95), grúpa de bhreis agus 200 snoiteán adharc shrónbheannach, agus teicstílí agus róbaí lena n-áirítear seacht róba dragain.
Tá roinnt leabhar ann chomh maith – lena n-áirítear trí imleabhar den athleagan a rinneadh de Chicipéid Mhór Ré Yongle (Yongle dadian 1406) sa séú haois déag – thart ar 250 scrolla agus albam agus prionta blocadhmaid agus snoiteán péinteáilte. Sa chnuasach de phriontaí agus snoiteáin tá roinnt tacar a dearadh d’Impire Qianlong ag a ealaíontóirí cúirte Íosagánacha Eorpachadhar a depéinteáilte
Ar an ábhar gur greanadh agus gur priontáladh cuid mhaith de na pictiúir seo i bPáras, tá siad roinnte le Cnuasach Iartharach na Leabharlainne.
Breathnaítear ar leabhair shéada agus snoiteáin adharc shrónbheannacha Impire Qianlong mar shamplaí singilteacha laistigh de stair ealaíne na Síne.