Chester Beatty Library – Collections – The East Asian Collection | The East Asian Collection, Chester Beatty Library East Asian Collection
Skip Navigation

Cnuasach na hÁise Thoir

Léiríonn cnuasaigh na hÁise Thoir cultúir fud fad an Chianoirthir, lena n-áirítear codanna den Áis Láir, Thoir, Theas agus Thoir-Theas – ón India neamh-Ioslamach san iardheisceart go dtí an tSeapáin san oirthuaisceart, agus ón Mhongóil san iarthuaisceart go dtí Súmatra san oirdheisceart.

Laistigh de chomhthéacs chnuasach na Leabharlainne ina iomláine, tá Cnuasach na hÁise Thoir measartha beag.

Ba mar throscán agus míreanna ornáideacha, mar shampla, an chuid is mó de lámhscríbhinní agus de shaothar ealaíne na Síne, ar ceannaíodh codanna de nuair a bhí Chester Beatty go fóill ina bhailitheoir neamhoilte, ar thuras a rinne sé chun na Síne agus na Seapáine i 1917-18.

Breathnaíodh mar sheanrudaí corra oirthearacha ar chuid de na catagóir inar bhailigh Beatty – go dtí le déanaí.

Sa lá atá inniu ann, tá ardmheas sa tSeapáin ar achair ar nós na bpictiúr-leabhar Seapánach ó Nara (Nara e-hon), agus tá siad mar fhócas don mhalartú léannta idirnáisiúnta.