Seomra Léitheoireachta
Sa Seomra Léitheoireachta tá ábhar tagartha a bhaineann leis an chnuasach, go háirithe sna limistéir ábhair seo a leanas:
- Bailiú leabhair
- Leabharcheangal
- Búdachas
- Callagrafaíocht
- Críostaíocht
- Ealaín na hÁise Thoir
- Stair na Scríbhneoireachta
- Lámhscríbhinní maisithe
- Ioslam
- Ealaín Ioslamach
- Priontaí agus déanamh priontaí.
Tá Leabharliosta de chatalóga agus de liostaí láimhe a bhaineann leis na cnuasaigh, atá sa Seomra Léitheoireachta, ar fáil ar iarratas.
Catalóg Ar Líne (WebOPAC)
Tá na catalóga i dtaca leis an Leabharlann Thagartha agus Leabhair Annamha araon ar fáil anois ar líne.
Más mian leat ceist a chur nó tuairim a nochtadh, comhlánaigh an Fhoirm Fiosraithe Teagmhála, le do thoil.
Rochtain agus uaireanta oscailte
Bíonn an Seomra Léitheoireachta oscailte de ghnách ó Luan go hAoine, 10 r.n – 1 i.n. agus 2.15 i.n – 5 i.n.
Teastaíonn coinne le haghaidh rochtana. Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil ceamaraí TCI i bhfeidhm.
Teagmháil
Celine Ward
Leabharlannaí Tagartha
Fhoirm Fiosraithe Teagmhála
Tel: (+3531) 4070757