Caomhantas
Is é Caomhantas an téarma a úsáidtear chun cur síos ar na gníomhaíochtaí uile a dhéanann caomhnóir chun meathlú réada a mhoilliú agus chun cur lena shaol trí idirghabháil fhisiciúil.
Féadann seo bheith chomh bunúsach le stróiceadh ar leathanach a chóiriú nó chomh casta le ceangal leathair nó líneáil scrolla atá damáistithe go dona a athsholáthar.
Is é Athchóiriú an téarma a úsáidtear chun cur síos ar chóireáil réada lena thabhairt ar ais go haeistéitiúil chomh cóngarach dá staid bhunaidh agus is féidir. Is céim í seo de ghnách a thagann i ndiaidh caomhantais.
Caithtear leo mar théarmaí idirmhalartacha go minic, ach tá siad iomlán éagosúil lena chéile.
Tá saotharlann chaomhantais na Leabharlainne suite i bpríomhfhoirgneamh na hIarsmalainne. Is caomhnóir páipéir atá mar bhainisteoir ar an tsaotharlann faoi láthair, ach is mar shaoráid ildisciplíneach a dearadh í.
Polasaí Caomhantais
Is polasaí íos-idirghabhála a chuirtear i bhfeidhm i ngach cóireáil chaomhantais a dhéantar ag an Leabharlann. Tá gach deisiú infheicthe go soiléir chun slánú stairiúil a choimeád.
Ní úsáidtear ach modhanna agus teicníochtaí in-aisiompaithe a bhfuil taighde déanta orthu agus atá inghlactha, agus doiciméadtar go cúramach agus glactar grianghraf de gach cóireáil. Bhunaigh Chester Beatty a pholasaí bailithe ar ‘Cháilíocht, cáilíocht, cáilíocht i gcónaí’, agus is minic a dhiúltaigh sé réada a cheannach toisc drochstaid a bheith orthu.
Tá staid mhaith ar bhunús na réad sna cnuasaigh.
Ach, tá siad uile i mbaol ag an phróiseas aosaithe nádúrtha.
Scrúdú agus doiciméadú
Tá scrúdú mionsonraithe riachtanach chun cabhrú leis an chaomhnóir staid fhoriomlán réada a mheas, chun gur féidir leis/léi cinneadh a dhéanamh an bhfuil cóireáil ag teastáil agus cén cineál a bheadh i gceist.
Déantar gach réad a scrúdú go cúramach faoi sholas an lae nádúrtha, go minic le gloine formhéadúcháin nó micreascóp, chun damáiste nó fadhbanna féideartha a aithint.
Úsáidtear solas sciota chun dromchla réada a scrúdú, agus féadann solas a thraschuirtear trí bhosca solais cabhrú chun lochtanna a aithint ar pháipéar nó pár.
Féadann sé chomh maith nach mór anailís is mionsonraithe a dhéanamh chun bunsiocair an damáiste agus cóireáil chuí a aithint.
Úsáidtear tuairiscí scríofa chun staid a mhionsonrú agus chun na modhanna cóireála agus na hábhair a úsáidtear a thaifeadadh. Má dhéantar aon chóireáil is den riachtanas é go dtaifeadtar go cúramach í chun gur féidir tagairt di le himeacht aimsire. Úsáidtear fótagrafaíocht, líníochtaí agus rianú chun doiciméad amhairc a dhéanamh den réad roimh, le linn agus tar éis cóireála.
Déantar suirbhéanna a dhearadh chun staid chodanna sonracha cnuasaigh a mheas agus úsáideann an caomhnóir agus an coimeádaí iad chun polasaí buanchoimeádta a threorú trí dheacrachtaí ar leith a aibhsiú agus a cháinníochtú.