Buanchoimeád agus Caomhantas
Tá roinnt cúiseanna ann a mbeadh ar choimeádaí réad a chóireáil. Seans go bhfuil lochtanna fisiciúla ann sa dóigh ar tógadh é nó go ndearnadh damáiste dó mar gheall ar mhodhanna stórála neamhoiriúnacha nó athláimhseáil. Seans go raibh sé faoi lé coinníollacha timpeallachta foircneacha agus modhanna taispeána droch-cháilíochta nó go ndearnadh damáiste dó mar gheall ar oibreacha cóireála dea-rúin ach neamhoiriúnacha.
Ó am go ham, ofrálann an Leabharlann oiliúint i gcaomhnú páipéir, do mhic léinn nó céimithe déanacha clár oiliúna caomhantais, trí chomhaltachtaí nó socrúcháin samhraidh. Nuair a bhíonn na háiteanna seo ar fáil, fógraítear ar ár leathanach
Folúntais iad.