Saorálaíocht
Ar mhaith leat foghlaim faoi chultúir agus faoi reiligiúin éagsúla ó thimpeall an domhain, bualadh le daoine nua, bheith rannpháirteach sa phobal agus scileanna nua a fhoghlaim?
Mar chuid dár bhfoireann thiomnaithe cuirfidh tú tacaíocht luachmhar ar fáil do chláir agus do sheirbhísí Leabharlann Chester Beatty. Cabhróidh tú linn chun ár misean a chur i gcrích chun ard-acmhainní na Leabharlainne a chur chun cinn, chun cur le taithí ár gcuairteoirí agus an phobail áitiúla araon agus chun cuímheas is fearr ar an iliomad cultúr atá léirithe sna cnuasaigh a chur chun cinn. Bí linn agus bain taitneamh as na buntáistí iomadúla a bhaineann le bheith ag obair ar bhonn saorálaíochta le Leabharlann Chester Beatty lena n-áirítear:
- seisiúin oideachais leanúnacha ina gcuirtear ar fáil eolas leathan ar an leabharlann;
- sainoiliúint i dtasc-achair shainiúla, chun cabhrú leat scileanna agus taithí nua a fhorbairt;
- an deis chun bualadh le daoine nua agus cruth nua a chur ar do phobal.
Faigheann saorálaithe leabharlainne lacáiste 10 faoin chéad ag siopa agus bialann na Leabharlainne; tá uaireanta saorálaithe solúbtha agus tá réimse de dheiseanna éagsúla ar fáil.
Cineálacha poist saorálaíochta atá ar fáil:
- Ionadaí Seirbhís Chuairteora
- Treoraí Turais
- Cúntóir Oideachais
- Cúntóir Siopa
- Cúntóir Ceardlainne
- Cúntóir Coimeádaíochta
Le haghaidh tuilleadh sonraí, déan teagmháil, le do thoil, le Justyna Chmielewska, Comhordaitheoir Saorálaithe, fón (01) 4070772 nó comhlánaigh an
Fhoirm Fiosraithe Theagmhála.