Caisleán Bhaile Átha Cliath
Tá Leabharlann Chester Beatty lonnaithe ar thailte Chaisleán stairiúil Bhaile Átha Cliath a bhí mar cheanncheathrú réimeas na Breataine go dtí 1922. Bhí caisleán ar an suíomh seo ó laethanta an Rí John, chéad Tiarna na hÉireann, anall; ach, is leis an ochtó haois déag is mó a bhaineann bunús na bhfoirgneamh.
Tá an coimpléasc foirgneamh oscailte don phobal de ghnáth, ach amháin le linn ócáidí stáit. I measc na limistéar atá oscailte le breathnú orthu tá Halla Naomh Pádraig, bálseomra ollmhór ina dtarlaíonn oirnithe uachtarántachta stáit, Seomra na Ríchathaoireach, ina bhfuil ríchathaoir ó réimeas an Rí Liam III, agus na hÁrasáin Leasríoga, ina bhfuil na seomraí a bhíodh in úsáid tráth ag fir ionaid an rí agus baill rítheaghlach na Breataine a bhí ar cuairt.
Tá Caisleán Bhaile Átha Cliath á chothabháil faoi láthair ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus tá oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim lonnaithe ann.
www.dublincastle.ie