CBL | Fúinn | Leabharlann Chester Beatty | Ailtireacht
Skip Navigation

Ailtireacht

Tá Leabharlann Chester Beatty lonnaithe i bhFoirgneamh Thúr an Chloig an t-ochtó haois déag agus rinneadh forleathnú air i gcomhair taispeántas sna 1990í

Léiríodh Túr an Chloig, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ar léarscáil Bhaile Átha Cliath Roque, a foilsíodh i 1756, leis an phlean U-chruthach chéanna nach mór agus atá air inniu.  Tá dhá urlár ann, cothrom talún, bealach isteach agus a aghaidh ó thuaidh agus dorchla singil ar iarthar gach sciatháin.

Ach, is athmhúnlú ar an bhfoirgneamh a bhí ann roimhe é struchtúr an lae inniu.  Is cosúil gur cuireadh an aghaidh thuaidh agus an dara stór atá déanta de bhrící leis an bhfoirgneamh sa naoú haois déag.  Ainneoin nach bhfuil aon taifid ann chun an t-ailtire a aithint, tá Cartlann Ailtireachta na hÉireann ionann is cinnte gurb é Francis Johnston, an t-ailtire ba thábhachtaí in Éirinn ag tús an naoú haois déag, a rinne athdhearadh ar an fhoirgneamh.

Ba é Johnston an príomhailtire sa Bhord Oibreacha ó 1805 go dtí a bhás i 1829.

Rinne sé dhá fhoirgneamh eile i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a dhearadh – an Rí-Shéipéal  agus Oifig an Ardcheathrúnaigh – chomh maith leis an dara stór a chur leis an chlós.  D’úsáid Johnston dearadh den chineál chéanna do Thúr Cloig ag Dún Uí Ghríofa, ar a dtugtaí an Richmond Bridewell roimhe, ar an Chuarbhóthar Theas.  Úsáideadh Foirgneamh Thúr an Chloig sa naoú haois déag mar Oifig Ordanáis i gcomhair na nInnealtóirí Ríoga.

Go luath i saol Shaorstát na hÉireann, d’úsáid na Coimisinéirí Ioncaim é mar oifigí.

Ligeadh i léig é ar feadh breis agus cúig bliana déag agus bhí sé ina sheanbhallóg sular tosaíodh ar an obair athchóirithe ag tús na 1990í.

Athchóiríodh Foirgneamh Thúr an Choig de dhroim na moltaí a chuir Cartlann Ailtireachta na hÉireann chun tosaigh: athchóiríodh agus atógadh an túr cloig adhmaid; athshuíodh an mheicníocht chloig a bhí ann ag tús an naoú haois déag agus feistíodh fearas tochrais leictreonach leis; atógadh na simléir go dtí a n-airde bhunaidh; athshuíodh coirnísí múnlaithe simplí agus athchóiríodh an príomhstaighre an-mhaorga.

Dearadh an forleathnú d’Fhoirgneamh Thúr an Choig chun Cnuasach Leabharlann Chester Beatty a choinneáil.  Ar nós an  traidisiúin leabharlainne/iarsmalainne a bhí ann sa naoú haois déag, is é an forleathnú is taisclann don chnuasach uathúil seo.   Tá an dearadh ceaptha chun luach an chnuasaigh a chur in iúl agus, ar nós bosca seodra, chun é a chosaint.  Chomh maith le slándáil a sholáthar, ní mór go léireoidh cáilíocht na n-ábhar agus an fhoirgníocht na luachanna seo.

Ach, ag deireadh an fichiú haois, níl sé inghlactha másailéam a sholáthar do chnuasach uathúil agus chuige sin amháin, go háirithe agus an tsaoráid á soláthar ag airgead poiblí. Ní mór chomh maith go mbeadh teacht ag an phobal uirthi, go praiticiúil agus de réir dealraimh. Tá Foirgneamh Thúr an Choig deartha chun an paradacsa dealraitheach seo a réiteach.

Feidhmíonn an t-achar cumair glónraithe mar nasc éadrom idir Foirgneamh Thúr an Chloig athchóirithe agus na spásanna taispeántais timpeallacht-rialaithe.

Sa choimpléasc seo tá saotharlann chaomhantais, seomra léitheoireachta, oifigí, spás léachtóireachta agus amharclann bheag chlosamhairc chomh maith le trí cinn de ghailearaithe taispeántais agus gairdín dín.  Cuireann bialann, siopa agus cumar urlár talún saoráidí ar fáil don phobal agus spás i gcomhair imeachtaí ilchineálacha.