Seirbhísí Fótagrafaíochta
Soláthraíonn Leabharlann Chester Beatty na seirbhísí grianghrafadóireachta seo a leanas:
- fruilíonn tréshoilseáin 5 orlaí x 4 orlaí;
- díolann priontaí grianghrafadóireachta, sleamhnáin 35-milliméadar agus íomhánna digiteacha;
- áis le haghaidh grianghrafadóireachta nua sa chás nach bhfuil íomhá ar fáil.
Má iarrann tú ábhar grianghrafadóireachta, cuir isteach uimhir fardail Leabharlann Chester Beatty an réada a theastaíonn uait, má tá sí ar eolas agat.
Seirbhís mhicreascannánúcháin
Soláthraíonn Leabharlann Chester Beatty micreascannáin 35-milliméadar, micreascannáin dheimhneacha dubh agus bán, nó cóipeanna crua de lámhscríbhinní sa chnuasach chun críocha taighde. Tá praghsanna éagsúla ann ag brath ar fhad na lámhscríbhinne bunaidh. Má iarrann tú ábhar grianghrafadóireachta, cuir isteach uimhir fardail Leabharlann Chester Beatty an réada a theastaíonn uait, má tá sí ar eolas agat.
Cead Atáirgthe
Fáiltíonn Leabharlann Chester Beatty roimh iarratais ar chead chun íomhánna ón chnuasach a atáirgeadh. Socrófar táillí atáirgthe de réir mhéid an fhoilseacháin. Seol isteach sonraí iomlána an fhoilseacháin, lena n-áirítear rith cló/táirgthe, teangacha, cearta críche, agus meáin más ábhartha.
Déan teagmháil le Leabharlann Chester Beatty, le do thoil, sula n-atáirgeann sí a híomhánna nó is féidir go ngearrfar táillí piionóis.
Grianghrafadóireacht
Is gnách nach gceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánaíocht i Leabharlann Chester Beatty. Ach, más mian leat scannánaíocht a dhéanamh nó grianghraf a ghlacadh chun críocha meán, seol iarratas isteach chugainn, le do thoil, tríd an
Fhoirm Fiosraithe.
Contact:
Rights and Reproductions,
The Chester Beatty Library,
Dublin Castle
Dublin 2
Ireland
Fax: + 353 1 4070760
Or or by filling in the Fhoirm Fiosraithe Theagmhála.